Introducing Súil Feasa: the new Irish Language Advertising Research Service
Irish-language advertising has grown rapidly since the 2021 Language Act. Compliance is now a given. Impact is not.
Despite €19m spent on public sector advertising in Irish in 2024 alone, many organisations still don't know how Irish-language advertising is landing with audiences or driving behaviour.
That's why Amárach Research has launched Súil Feasa, a new research and advisory service that measures the real impact of advertising as Gaeilge.
We are delighted to partner with Amárach on this new service to provide insights on the findings, drawing on years of professional experience working through the Irish language with public bodies and brands.
The key insight from the initial pilot is clear: comprehension, not motivation, is the main barrier. When people understand the Irish being used, performance gaps with English advertising narrow sharply.
Súil Feasa helps organisations decide when to prioritise accessibility and when to speak directly to fluent audiences, backed by evidence, not assumption.
Already advertising in Irish, or considering it?
Súil Feasa: Seirbhís Nua Taighde Ar Fhógraíocht Trí Ghaeilge
An bhfuil Ré Órga na Gaeilge linn? Léiríonn an infheistíocht, an infheictheacht agus an fuinneamh cultúrtha go bhfuil. Ach i gcúrsaí fógraíochta, tá ceist níos práinní ann: an bhfuil an infheistíocht ag obair?
Le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá dualgas anois ar chomhlachtaí poiblí 20% dá mbuiséid fhógraíochta a chaitheamh ar fhógraí trí Ghaeilge. Mar thoradh air sin, caitheadh €19 milliún ar fhógraíocht Ghaeilge i 2024 amháin.
Ach tá bearna shoiléir ann fós idir comhlíonadh agus tionchar.
Is mar fhreagra ar an dúshlán sin a d'fhorbair Amárach Research Súil Feasa, seirbhís taighde agus comhairleachta a thomhaiseann tionchar fíor na fógraíochta trí Ghaeilge.
D'oibrigh mé le hAmárach Research ar léirmhíniú a dhéanamh ar na dtorthaí. Buíochas le mo thaithí i réimse na cumarsáide trí Ghaeilge tá tuiscint agam ar an dúshlán is suntasaí - cé go bhfuil i bhfad níos mó fógraíochta le feiceáil anois, is minic nach dtuigtear í. Is í an fhadhb ná go bhfuil sí aistrithe go díreach ón mBéarla. Is minic nach Gaeilge shimplí fheidhmiúil a úsáidtear ach Gaeilge chasta theicniúil nach n-úsáidtear i ngnáthchaint na ndaoine.
Le Súil Feasa, tá treoir phraiticiúil, bunaithe ar fhianaise, ar fáil chun roghanna straitéiseacha a dhéanamh maidir le fógraíocht trí Ghaeilge, ar nós cathain ar chóir inrochtaineacht a chur chun cinn agus cathain ar cheart leas a bhaint as an deis chumarsáide a dhéanamh le pobal na Gaeilge atá ag fás go náisiúnta.
Má tá d'eagraíocht ag infheistiú i bhfógraíocht trí Ghaeilge, bímis ag caint faoi conas an tionchar a thomhas mar is ceart.